Post sponsored by NewzEngine.com

Source: Sinn Féin

17 December, 2020 – by Aengus Ó Snodaigh TD, Pa Daly TD

Chuir comhaltaí Shinn Féin ar Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobail Labhartha na Gaeilge fáilte roimh cinneadh Choimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, géilleadh le brú ón gCoimisinéir Teanga leis na blianta fada a dhualgais reachtúil a chomhlíonadh agus feabhas cuimsitheach a chur ar sheirbhísí Gaeilge an fhórsa, go háirithe sa Ghaeltacht.
Cháin Pa Daly, Urlabhraí Comhionannais agus Athchóirithe Dlí Shinn Féin, go láidir nuair a d’fhógair an Choimisinéir Teanga ag cruinniú an Choiste i mbliana go mbeadh air tuarascáil oifigiúil a sheoladh chuig Tithe an Oireachtais ag déanamh gearán ar an nGarda Síochána – rud nach raibh ar a hOifig a dhéanamh riamh ar chomhlacht poiblí eile go dtí seo – toisc cé chomh fada agus chomh tubaisteach a bhí an neamhaird déanta acu ar a gcuid dualgais teanga faoin Acht Garda Síochána 2005.
“Tá sé thar a bheith náireach go bhfuil beirt Ghardaí as gach triúr lonnaithe sa Ghaeltacht nach bhfuil in ann Gaeilge a labhairt,” a dúirt an Teachta Pa Daly, ag a bhfuil ceantair Gaeltachta Chiarraí ina Dhailcheantair aige, faoin méid a bhí ráite ag an gCoimisinéir Teanga. “Cén sórt freastal é sin ar riachtanais mhuintir na Gaeltachta?”
Ghlac an Coiste le moladh an Teachta Daly ag an am cuireadh a thabhairt don Choimisinéir Harris teacht os comhar an Choiste. Mar freagra ar an gcuireadh, sheol Oifig an Choimisinéara cáipéis chuimsitheach an seachtain seo chaite a léirigh cé go raibh sruth earcaíochta Gaeilge bunaithe don Gharda Síochána sa bhliain 2013 chun dul i dtaithí leis an bhfadhb, níor lonnaíodh ach 3 as an 55 Gardaí earcaithe sa tsruth sin i stáisiúin Gaeltachta, agus níor lonnaíodh duine ar bith tar éis an triúir sin i 2013.
Fáiltíonn na Teachtaí Dála Pa Daly agus Aengus Ó Snodaigh, atá mar Chathaoirleach an Chomhchoiste, gur admhaigh an Coimisinéir Harris faoi dheireadh ar an Máirt gur díomá mhór atá sna figiúirí agus go ndearna sé forleathnú a ordú ar an bpainéal earcaíochta Gaeilge agus ar lonnú gach Garda earcaithe sa tsruth Gaeilge i stáisiúin Gaeltachta chomh luath is atá an tréanáil cuí faighte acu.
Tréaslaíonn Cathaoirleach an Chomhchoiste freisin, ag a bhfuil Pobal Labhartha na Gaeilge mar freagracht ainmnithe i dteideal an Choiste don chéad uair anois, go raibh ordú tugtha ag Coimisinéir an Gharda Síochána seirbhís ateangaireachta a sholáthar le gur féidir le Garda in aon áit sa tír déileáil le daoine a dteastaíonn seirbhís trí Ghaeilge uathu.
Dúirt Pa Daly TD:
“Táim fíorbhuíoch go bhfuil athrú meon tagtha sa deireadh thiar thall ar Choimisinéir na nGardaí, agus go n-aontaíonn sé go bhfuil gá le plean earcaíochta chuimsitheach chun cinntiú go mbeidh freastal déanta ag Gardaí ar mhuintir na Gaeltachta ina dteanga féin, mar atá de cheart acu sa dlí. Tá an Ghaeilge mar theanga labhartha sa phobal i gcruachás sa Ghaeltacht, agus ní haon chúnamh é nuair a chuireann seirbhísí stáit iachall ort iompú ar an mBéarla.
“Mar sin, tá súil agam na hathruithe seo a fheiceáil curtha i bhfeidhm go luath, chun comhionannais agus cearta teanga phobail na Gaeltachta a chur chun cinn.”
Thacaigh Cathaoirleach an Choiste agus urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon agus Cultúir Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh TD, leis an méid a bhí le rá ag an Teachta Daly:
“Taispeánann an cinneadh seo gur féidir le chomhlachtaí poiblí athruithe suntasacha a dhéanamh ar son an phobail labhartha. Léiríonn sé freisin an tábhacht a bhaineann le brú ón gCoimisinéir Teanga agus ón Chomhchoiste Gaeilge san Oireachtas, agus tréaslaím Pa Daly ach go háirithe as ucht an sár-obair déanta aige chun an fhadhb seo a chur i mbéal an phobail agus aird a tharraingt ar an neamhaird seo.
“Dúirt an t-iar Aire Michael McDowell nuair a fuair sé réidh leis an riachtanas Gaeilge agus Béarla a bhí ar Ghardaí roimh 2005 nach dtiocfadh sé sin salach ar an gceart atá ag gach saoránach déileáil trí Ghaeilge le Gardaí in aon áit sa tír, ach is léir gur tháinig, agus go bhfuil damáiste as cuimse déanta ag a chinneadh ar dhátheangachas san fhórsa, go háirithe sa Ghaeltacht.
“Ar a laghad is céad chéim chun tosaigh í seirbhís ateangaireachta a chur ar fáil chun go mbeidh gach Garda in ann freastal ar dhuine atá ag lorg cearta teanga, más sa Ghaeltacht nó lasmuigh iad, agus is maith an rud é go bhfuil sé i gceist ag an gCoimisinéir Harris tuilleadh Gaeilgeoirí a lonnú sa Ghaeltacht. Ní chóir go mbeadh aon Gharda lonnaithe sa Ghaeltacht gan Gaeilge acu.
“Tá leasú curtha isteach agam ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2019 chun cinntiú go mbeidh Gaeilge ag gach Garda a fhreastalaíonn ar cheantair Gaeltachta, agus tá súil agam é sin a phlé sa Choiste agus muid ag déanamh plé ar an mBille sin go luath san athbhliain.
“Tá súil agam freisin go nglacfaidh an Coimisinéir Harris lenár gcuireadh teacht os comhar an Choiste san athbhliain chun go mbeidh muid in ann obair as lámha a chéile chun cás na Gaeilge i measc na Gardaí a fheabhsú.”

MIL OSI United Kingdom