Post sponsored by NewzEngine.com

Source: Sinn Féin

9 October, 2020 – by Aengus Ó Snodaigh TD

Chuir urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh TD, fáilte roimh Bhille na dTeangacha Oifigiúla sa Dáil i rith na seachtaine, agus roimh na leasuithe atá fógartha ag an rialtas le déanaí.
D’fhógair sé, áfach, cé go raibh Sinn Féin sásta tacú leis ag an gcéim seo, go mbeidh leasuithe móra eile ag teastáil ag céim an Choiste chun an Bille a láidriú agus an Ghaeilge a slánú.
Anois agus an Bille glactha ag an dara chéim sa Dáil, rachaidh sé ar aghaidh go dtí an Coiste Gaeilge, Gaeltachta, na nOileán agus Pobal na Gaeltachta, ar a bhfuil Aengus Ó Snodaigh freisin ina Chathaoirleach, agus chomh maith le machnamh a dhéanamh ar leasuithe an rialtais ansin, tá sé i gceist aige leasuithe suntasacha a chur é féin.
Tá an Teachta ag lorg tuaraimí ar an mBille ó aon duine nó eagrais a bhfuil dúil acu i gcearta teanga, chun go mbeidh sé in ann na leasuithe atá á lorg ag an bpobal a chur dhéanamh air sa Choiste.
Tá nasc leis an mBille ar fáil thíos, agus is féidir aon smaointe a sheoladh chuige ag [email protected]
Maidir le leasuithe an rialtais, cé go dtacaíonn an Teachta Ó Snodaigh le 2030 mar spriocdháta ar chéatadán 20% le cumas sa Ghaeilge a earcú sa státsheirbhís – rud a mhol Conradh na Gaeilge agus a lán gníomhairí eile teanga – tá imní air faoi leasú eile a thabharfadh deis don Aire an spriocdháta a leathnú amach níos faide siar muna bhfuil ag éirí leis an gcuspóir earcaíochta faoi 2028.
Bheartaigh an rialtas glacadh le moltaí de chuid Sinn Féin cumhachtaí sa bhreis a thabhairt don Choimisinéir Teanga, moladh a bhí lárnach i bpolasaí Gaeilge an pháirtí ó Ard-Fheis na bliana 2015, agus tá súil ag an Teachta Ó Snodaigh go gcuirfidh siad maoiniú ar fáil dá Oifig sa Bhuiséad an Mháirt seo chugainn chun na dualgais nua atá i ndán dó a chomhlíonadh.
Tá dréacht-chaighdeáin teanga fós in easnamh ann, agus tharraing an Teachta aird sa Dáil inniu ar roinnt fadhbanna a bhaineann le comhaltas an choiste comhairligh freisin. “Ba chóir go mbeadh ionadaíocht ag pobal na Gaeilge, agus eagrais Gaeilge agus Gaeltachta ar an gcoiste chomhairleach”, a deir sé.
Dúirt an Teachta:
“Cuireann Sinn Féin fáilte roimh na leasuithe atá fógartha ag an rialtas ar an mBille seo, agus tá súil agam iad a fheiceáil nuair a thagann siad ós comhar an Choiste, ach tá bearnaí suntasacha fós le feiceáil ann.
“Níl ciall ag baint le spriocdháta gur féidir le Aire a athrú, agus ba chóir go mbeadh spriocanna ann i gcomhar 2040, 2050, agus spriocdháta eile chun go mbeadh seirbhísí stáit ar fáil trí mheán na Gaeilge i gceantair Gaeltachta roimh bliain faoi leith.
“Go fóill, níl aon foráil sa mBille a chuirfeadh dualgas ar an Stáit seirbhísí Gaeilge a chinntiú sa Ghaeltacht. Níl smachtbhanna ann ach oiread ionas go gcloífeadh an stáitsheirbhís agus comhlachtaí poiblí leis na bhforáil atá ann fiú.
“Tá an deis sa mBille an státchóras a chur ar bhóthar na leasa ó thaobh cearta teanga de, ach tá sé soiléir do phobal na Gaeilge faoin am seo nach bhfuil aon fiúntas ag baint leis an mbóthar muna bhfuil bata againn freisin chun iad a bhrú chun an leasú sin.
“Tá súil agam go ndéanfaidh an rialtas glacadh le leasuithe de chuid an freasúra freisin agus muid á phlé sa Choiste, ionas go mbeidh muid in ann an Bille is foirfe a achtú sa deireadh.”

MIL OSI United Kingdom