Easpa acmhainne ag cur as do scoileanna clárú do scéim Aitheantas Scoileanna Gaeltachta – Tóibín

By   /  June 19, 2017  /  Comments Off on Easpa acmhainne ag cur as do scoileanna clárú do scéim Aitheantas Scoileanna Gaeltachta – Tóibín

    Print       Email

MIL OSI United Kingdom

Source: Sinn Féin

Headline: Easpa acmhainne ag cur as do scoileanna clárú do scéim Aitheantas Scoileanna Gaeltachta – Tóibín

19 June, 2017 – by Peadar Tóibín TD

Léirigh urlabhraí Shinn Féin ar an nGaeilge, an Teachta Peadar Tóibín a chuid díomá nach raibh roinnt scoileanna áirithe chun páirt a ghlacadh sa scéim Aitheantas Scoileanna Gaeltachta.
Dúirt an Teachta Tóibín:
“Is mór an trua é a fheiceáil nach bhfuil gach scoil ag glacadh páirt sa scéim seo. Tuigim cás na scoileanna seo áfach – níl muinín acu as an roinn na hacmhainn atá de dhíth orthu a sholáthar.
“I Maigh Cuilinn mar shampla, níl ach aon scoil amháin chun a bheith áirithe sa scéim. Fágann sé sin go bhfuil trí scoil eile nach mbeidh ag cur iarratas isteach.
“Tá sé fíor-dheachair do scoileanna bheaga tumoideachas a bhaint amach agus gan é a bheith deimhnithe go mbeidh múinteoir sa bhreis ar fáil. Tá eagla ar an bpobal nach mbeidh na hacmhainní cuí ar fáil.
“Is ábhar dóchas é go mbeidh na scoileanna in ann iarratas a chur isteach amach anseo más mian leo. Is gá don stáit iarrachtaí níos mó a dhéanamh buntáistí oideachas trí Ghaeilge a léiriú don phobal agus gach iarracht éisteacht a thabhairt dos na scoileanna nach bhfuil ag glacadh páirt leis an scéim a fheabhsú.”

    Print       Email